Scoil: Glencairn (uimhir rolla 1179)
- Suíomh:
- Gleann an Chairn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Ní Dhuibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glencairn
- XML Leathanach 15
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Iar dul a chodladh dhuit:Deas lámh Dé fé'm cheann,
Cros na n-aingeall os mo chionn,
Dia ⁊ Muire ⁊ Mícheál liom.
Tar, a Mhicil, agus glac mo lámh,
Déan mo shíothcháin le Mac Dé;
Má tá aon deamhan-sprid ar mo thí
Cuir Mac dílis Dé idir mé 'gus í,
Fé ghuidhe na dtrí aingillidhe
Aingillidhe órdha, ó's siad is sine,
An tAthair, an Mac, ⁊ an Sprid Naomhtha
Im' shabháil ⁊ im' ghárdáil,
Ins gach aon áit a gheobhaidh mé.2. Ag glacadh uisge coisrighthe dhuit:Mar a ghlanann an t-uisce an salachar ó'n gcorp
Go nglanaidh an t-uisge beannuighthe an salachar de'm anam.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhlaoch
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Port Laoise, Co. Laoise