Scoil: Knockanore, Tulach an Iarainn (uimhir rolla 3766)

Suíomh:
Cnoc an Óir, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Conchobhar Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Knockanore, Tulach an Iarainn
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Aonach”
  4. XML “Aonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    daoine ón áit seo go dtí an t-aonach le capaillaibh. Tagann ceannuightheoirí ó áiteanna annso agus annsúd ar fud na h-Éireann go dtí an aonach sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ní raibh aonach i gCnoc an Fheoir choidhe mar áit fén dtuaidh is eadh an áit seo. 'Sé an áit is giorra dúinn go mbíonn aonach ann ná Eochaill. Tá páirc speisialta in Eochaill don aonach. Ní íochtar aon phaidc ar gach beithidheach in aon chor. Tugann na ceannuightheoirí éirnist dos na díoltóirí uaireannta,
    'Sé an bhrígh atá le h-éirnist ná é seo - nuair a bhíonn an margadh deunta tugann na ceannuightheoirí airgead do's na díoltóirí agus annsan bíonn ceangail air an beithidheach do thabhairt don fear a dhein an margadh leis. Nuair a bhíonn an margadh á dhéanamh, buaileann an ceannuightheor buile ar láimh an díolra.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhullamhnaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Philib Thiar, Co. Phort Láirge