Scoil: Ceapach Chuinn (B.) (uimhir rolla 1936)
- Suíomh:
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Proinnsias Ó Laoghaire

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 94
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí driotháir ag Pilib Mhac Craith agus bhí deichneabhar macaige. Nuair briseadh Craithigh na Cúirte leathnuigheadar amach ar fuaid na dúithche; is cá ná raibh aon réim mhór thalmhan ag aoinne aca, bhíodar ana-chumhachtach i n-iarthat Phortláirge agus mór-mhór i Slibh gCua ar feadh abhfadh. Do réir deallraimh, glach cuid aca páirt lesi na Sasanaigh, mar bhíodar n-a bprócadóirí ag bailiú na ndeachmhadh do sna ministéirí. Ní raibh an báidh mhór ag sna daoine leó mar do réir gach tuairisc braobairí borba an truagh gan taise ba eadh iad. Dheineadar go leor rudaí gránna agus bhídís féin is na sagairt ar mhullaighe ceann ar a céile. D'éirigh idir beirt aca i dTuair an Fhíona, lá. Gaolta ba eadh iad. Chuadar istigh i seomra agus chuireadar an glas ar an dorus. D'fhanadar istigh ann ag troid gur marbhuigh fear aca fear eile. An Domhnach i n-a dhiaidh sin arís chuaidh an Craitheach isteach sa séipéal le linn an Aifrinn agus strach sé an sagart anuas de'n altóir. Mharbhóthadh sé é muireach stróinséir a bhí sa séipéal a' chosaint. Bhí na Crathaigh chomh millteach san ná leighfeadh an eagla d'aoinne dul ag cosaint an tsagairt. B'éigin d'on easbog teacht as an séipéal a bheannú arís fé bhfághfaí Aifreann a léigeamh ann. Nuair tháinigh an t-easbog, ghearán na Craitigh agus an sagart a chéile. Bhí an oiread san cumhachta ag na Craitigh go raibh an chuid a b'fhearr de'n scéal aca; agus b'éigean do'n sagart dul isteach go Dúngarbhán gach aon maidean Domhnaigh ar feadh bliadhna, Aifreann a léigheamh ann agus a bheith thar-nais chun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge