Scoil: Ceapach Chuinn (B.) (uimhir rolla 1936)

Suíomh:
Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Proinnsias Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 91

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0637, Leathanach 91

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceapach Chuinn (B.)
  2. XML Leathanach 91
  3. XML “Na Saighdiúirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair d'fhás triúr inghean Philib Mhac Craith suas, bhíodar i n-a gcailíní dathamhla agus bhíodh buachaillí óga n-a dhiaidh. Bhí triúr oifigí ó Cluain Meala a thagadh amach á bhféacaint go minic agus thugaidís seirbhísigh líotha mar d'fhanadís oidhche nó dhó ann. Bhí muilneóiri thiar ag Muileann an Coirce an uair sin darbh ainm Uaithne. Droichshíolrach ceart be eadh Uaithne agus níl fhios dé mhéid droch-oibre a rinne sé le n-a linn. Saghas captaen ar scata bithemhnach be eadh é. Bhí díg mhór uisge thimcheall léithe agus droichid tógála trasna ann a bhíodh tógtha anáirde gach aon oidhche. Cuir sé suas mac a bhí aige cun déanamh suas le cailín a bhí sa chúirt: ceap sé dá mbeadh sí i ngrádh leis an mac go mb'fhuiris teacht thimcheall uirthi chun feall a dhéanamh. Dhein an mac gach aon rud a dubhradh leis an fheabhas agus nuair tháinigh an t-am bhí an cailín cun a thola aige. An oidhche a bhí socair aca ar an nghnó a dhéanamh, thuit amach go raibh na h-oififígh sa cúird agus dubhairt Uaithne leis féin gur dócha go mb'fhiú iad súd a robáil chomh maidh agus go gcaithfá iad a chur do cois. Thug dó airgead do sheirbhísigh na cúirte cun sheirbhísigh na h-oififigh a thabhairt ag ól
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuirrín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Labhrás Ó Cadhla
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge