Scoil: Cnoc na Caillighe (uimhir rolla 15819)
- Suíomh:
- Cnoc na Caillí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Bríd Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bliadhanta ó shoin bhí stócach as "Gleann Cach", áit atá ocht míle ó Baile Caisleán agus ar an dtaobh thiar de, ag dul go Meircea. Ní raibh an long i bhfad ó cósta na hÉireann, nuair a tháinig stoirm mhór, agus b'eigean dóibh filleadh ar ais. Tháinigeadar isteach ar oileán Racra bhreagh taobh thoir de B.L.C. Chuaidh an stócach isteach sa tig seo cun lóistín d'fhághail. Bhí beirt sean fhear ann, bhí fear amháin sa gcliabhán agus an fear eile gá bhogadh. Beirt Lochannaigh a b'eadh iad. Labhair an fear a bhí sa gcliabhán agus dubhairt sé "As Gleann Cach tusa" "Seadh " ars an buachaill "acht cá bhfios duit sin" An bata sin atá in do láimh ars an sean-fhear D'fhás sé in "Gleann Each". D'iarr sé ar an stócach annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríd Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Ghamhnach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Ó Lochnán
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Cladán, Co. Mhaigh Eo