School: Eanach Mór (roll number 13912)

Location:
An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Mártain Ó Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 4

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 4

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach Mór
  2. XML Page 4
  3. XML “Unpublished Irish Songs - Barr an tSléibhe”
  4. XML “Unpublished Irish Songs - Ceathrú de Droighneán Donn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Unpublished Irish Songs - Barr an tSléibhe (continued)

    A Mháire tá díthchéille ort,

    (continued from previous page)
    Dá bhfuil ins a díoghóise
    'S a Mháire déán mo chómhairle
    Gluais is tarraigh aniar
    .............................................

    Deir an seanchaidhe go gceapann sí ach nach bhfuil sí cinnte gur Dick Barrett a sgríobh Bárr an tSléibhe.
    Bhí an fear a sgríobh é in-a chomhnuidhe ins an nGeata Mór taobh thiar de Bhéal a' Mhuirthid. Fuair sé áit lámh le Beannchor. Ní raibh bhean sásta an Geata Mór a fhágáil agus chum a fear an t-amhráns sin. Bhí ceathair no cúig de cheathrúna ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nach duine gan céill a bhéadh a dréim
    Leis an gclaidhe atá árd,
    Is an claidhe beag íseal le'n a thaobh sin,
    Ag a leagfá air do lámh.
    Cídh gur árd é crann na caorthann
    Bíonn sé searbh as a bhárr,
    Is go bhfásann sméara is sugh craobh
    Ar an gcrann is ísle bláth.

    An míniú:- Nach duine gan céill a bheádh a súil le duine leitheadach cumasach a phósadh nuair a gheobhfá duine nach mbeadh bródamhail agus b'féidir níos fearr ná an duine sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mártain Ó Braonáin
    Gender
    Male
    Informant
    Bean Uí Lochnáin
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    An Chlaoideach, Co. Mhaigh Eo