Scoil: Eanach Mór (uimhir rolla 13912)

Suíomh:
An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mártain Ó Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 35

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 35

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eanach Mór
  2. XML Leathanach 35
  3. XML “Leigheas”
  4. XML “Leigheas Magaidh”
  5. XML “Páidín Ó Raifeartaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Cuir síos an pota beag, líon é le uisc', reamhruigh é le min, lomaigh (thin) é le im, agus cuir dhá ghloine uisge beatha isteach ann"
    Sin é an deoch a gheobhadh bean i n éis clainne sul a dtáinig an tae.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ní meil (?) suaithe, caca phúca, dumlas (gall) tairbh salann garbh. Sin a mheascadh agus a shuathadh agus deoch mhór de ól gach uile mhaidin.
    "Cócaire an dumlas" (said when scolding a person's cooking)
    "Chonnaic mé searrach agus aghaidh liom, mhothuigh mé an chuach agus gan biadh faoi mo bhroinn, agus d'aithnigh mé féin nach mbéadh an bhliadhain sin liom."
    (Droch-chomharthaí iad seo.)
    An chéad uair a chluinfeá an chuach cé ar bith taobh a mbeitheá a' tionntódh, sin é an taobh a mbéadh do chéile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Tá Brannigan thíos ins an ngleann
    Is a lorgna feannta le driseacha
    Go mbainidh an donas dhe an ceann,
    Mar a dtugaidh sé min do na bantreacha
    Whiskey ó Rowdle rum now
    Whiskey ó Rowdle rum baintreacha
    Wiskey ó Rowdle rum now
    Micheáilín Shábh ( ainm mná ) is na cailleacha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Mártain Ó Braonáin
    Inscne
    Fireann