Scoil: Eanach Mór (uimhir rolla 13912)

Suíomh:
An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mártain Ó Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 28

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0142, Leathanach 28

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eanach Mór
  2. XML Leathanach 28
  3. XML “Seanfhocail agus Cora Cainte”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    133) Faoi-bheirim do shláinte agus sláinte an tíghe a bhfuilinn (?) ann, idir corp, ceirt agus crann, iomadaidhe bídh , brat agus díghe, agus sláinte gach aoin dá bhfuil istígh ann.
    ( ceirt clothes? crann roof? brat covering )

    134) Go dtachtar na pócaí (le airgead)
    (déarfaidhe le bean a' tíghe nuair a thiocfadh sí isteach le lán aprún d'uibheacha)

    135) An té nach gcleachtuigheann na buaitaisí dearmhadfaidh sé na spuir
    (Nuair nach bhfuil tú déanta ar dearmadfaidh tú rud a bhaineas leis)

    136) Seán a bhí ar m'athair-sa
    Seán a bhí ar d'athair-sa
    Seán a bhí ar athair na bpáistí
    Seán buidhe súgach aigeantach luthmhar
    Bhuailfeadh sé tune ar an gcláirsigh

    137) An rud nach ngoidthear fághthar é
    (nuair a gheobhfaidhe rud a bhí ar iarraidh gan coinne le'n a fhághail)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fear siubhail a bhí ag dul an bhóthair agus chuaidh sé isteach i dteach agus bhí an dinnéar réidh acu. D'iarr siad air suidhe isteach ag an dinnéar agus shuidh. D'ith sé agus d'ól sé a sháith. Nuair a bhí sin déata aige dhearc sé ar bhean a' tíghe agus dubhairt sé "Tobac i n-éis bídh agus ar bhean a' tíghe a bhíonn sin." D'fhreagair bean a' tíghe é agus dubhairt sí leis, "Níl bacach dá dtéigheann(?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mártain Ó Braonáin
    Inscne
    Fireann