Scoil: Cill Bhríde (uimhir rolla 13476)

Suíomh:
Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Antoine Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0141, Leathanach 2a

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0141, Leathanach 2a

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhríde
  2. XML Leathanach 2a
  3. XML “An Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín óg in-a cómhnuidhe i liosprionn ins an tsean aimsear agus lá amháin chuaidh sí go tobar na rátha i gcoinne canna uisge. Nuair a bhí sí ag filleadh abhale thug na sidheóga isteach ins an ráith i. Bhí aintín a h-athar aca le dá fhichead bliadhain roimhe sin agus nuair a chonnaic sí an caillín ach ní raibh aithne ag an gcailín uirrí. Dúbhairt sí lei i ngan fios do na sideóga gan greim ná deoch d'ithe na d'ól uatha agus beith ag troid leo agus gan suaimhneas a tabhairt doibh agus go gcuirfheadh síad amach í. Acht nuair a bheadh síad dhá cur amach gan í dul amach go bhfuigheadh sí na trí ba bainne a thug said o n-a h-athair roimhe sin (mar thug na sidheóga trí ba bainne a thug siad o n-a h-athair roimhe sin) agus nuair a bheadh siad dhá [ocabhairt] dí gan íad a glacadh go bhfuigheadh sí an buachra agus an meadar. Ar aon chuma nuair a thug na sidheóga a béile don cailín níor glac sí é, ach bhí sí ag troid leo agus ní dhearna sí rud amháin ceart an faid is bhí sí aca. Bhí sí aca trí lá agus an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Mhic Aodha, Co. Mhaigh Eo