Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buailteóir darbh ainm Micín Mór Ó Murachadha in a chomhnaidhe i gCill Bhríghde. Ní fhaca séa on cruach coirce ariamh nach mbeadh se ag damhsadh ar a lorg tráthnóna. Bhuail se cúig sgór déag coirce lá amháin do'n Sagart Peadar Ó Náiridhe. Bhí cúig punt de gheall curtha ag Tighearna Tít- Aimhligh as buailteóir eile i Lacan go mbéidh sgó coirce buailte aige roimh Micín Mór. Chuaidh se go sean-fhear i gCill Bhríghde do bhí céad is trí bliadhain d'aoin go gheobhadh se a chomhairle uaidh an chaoi a b'fearr leis an geall a ghnótháil. Bhí an sean-fhear seo in a bhuailteóir iongantach in a lá. Seo é an comhairle a thug sé dhó:- Colapán Coill agus buailteán cuilínn, lár lom agus aon phuntánn. Do ghnóthaigh Micín an geall go rédih. Níor cuireadh aon gheall leis in a dhiaidh sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo