Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Marcus Ó Beirn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deich mbliadhna agus trí fichid ó shoin bhí buachaill aimsire ag Diúisí Mór i gCeathramhadh Giobach darb ainm Marcus Ó Beirn.
    Oidhche Bhreagh Shamhraidh bhí Marcus ag ceangail an chapaill in áit uaignigh a dtugann siad Poll Gorm air. Níor tháinig sé ar ais ar feadh na h-oidhche. Ní raibh a fhios ag Diúisí san domhan céard a d'éirigh dhó. Bhí an - eragla air mar gur cheap sé go raibh sé caillte.
    Lá ar na bhárach nuair a bhí Diúisí ag ithe a bhreicfeásta cé tháinig isteach an doras ach Marcus agus é fluich báidhte ó cheann go cois le h-allus . "Óra bhóra"! arsa Diúisí "céard a thárla dhuit"? "Ó! Éist liom, Éist liom" arsa Marcus Ní'l aon fear in Éirinn a chuaidh tré oiread is a chuaidh mé aréir". Annsin d'innis sé dhó céard a thárla dhó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Loinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo