Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darb ainm Tomás Bán Cillín in a chómhnuidhe i gCill Cuimín i bparráiste Leachain timcheall ceithre sgór bliadhain ó shoin. Bhí sé ós chionn sé troigh ar aoirde agus bhí sé chomh h-éádtrom sin ar a chosaibh go gcaithfeadh péire bró ceithre bliadhain dó. Bhí duine uasal in a chomhnuidhe i gCeathradh Mór darb ainm Pálmer agus bhí buachaill aimsire aige darb ainm Tomás Ó Rógáin. B'iongantach an léimeadóir Tomás Ó Rógáín. Tháinig Tomás Bán lá amhail le múl go dtí Palmer ag ceannach féir. Do chuala Palmer roimhe sin an luas a bhí i dTomás Bán. Bhéarfaidh mé ualach an mhúil duit inaisge má tá tú indon Tomás Ó Rógáin a bhualadh amach ag léimrigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo