Scoil: Ballycastle Boys' (uimhir rolla 14290)
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballycastle Boys'
- XML Leathanach 092
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad an buachlán liath agus buaclán buidhe is mo a dheanann dioghbháil ar talamh na n-daine (?), sin gray ragwork, yellow ragwork. Bíonn pór ag fas ortha agus beadh an mhacaire líonta leis an pór sin i gceann cúpla bliadhain muna dtairrngeocfaid as an dtalamh iad sul a mbeadh siad aibidh. Connuightear barr an buachlánn buidhe agus tiormuightear é agus cuirtear é lé loc a bhíonns ar na daoinib. Sé luibh eile fuachnán. Nuair a fhásann go leor lé céile ní féidir aon bárr a bhaint i gceart. Fadó bhíodh na daoine ag baint fuachnán agus a mbruith cun tabhairt don na mucaí.Luibh 'seadh Fearbhán. Deantar ceirthín den fear bhan cun cur ar goiríní. Sé samha luibh eile. Bhíod daoine ag ithe samha fadó. Luibh 'seadh slánlus. Ithtear é agus cuirtear ar gearradh freisin é. Nuair a bhíodh sidheóga ag tabhairt daoine saoghalta leó fadó déáfadh siad capall(?) dóíbh as an mbuachlánn buidhe. Luibh iseadh casarban. Ithtear é. Luibheanna iseadh leamhnach buidhe. Deirtear go bhfuil leigheas ins an subh atá lé h-aghaidh goiríní. Luibh iseadh marmán. Tá leigheas ann lé h-aghaidh borradh-phéist.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Finián De Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo