Scoil: Ballycastle Boys' (uimhir rolla 14290)

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballycastle Boys'
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá timcheall cúig toibreacha beannuighthe sa bparróiste seo. Tá dhá cheann i Dún Fhéinigh agus ceann eile i mBaile An Ghleanna, ceann eile i Dún Phádhraig, ceann i gCill Bhrighidhe. Tugtar tobar Naomh Bríghide ar an ceann atá i mBaile An Ghleanna. Téigheann na daoine go dtí na toibreacha sin ar an gcúigeadh lá déag de mhí lúghnasa agus Domhnach Crom Dubh. Tugadh íasc as tobar agus do bhríth daoine é. Núair a bhí an t-íasc gearrtha acha do léim sé den phláta agus d'imthigh sé isteach sa dtobar arís.
    Bhí gasúr ann fadó agus ní raibh radharc maith aige. Chuaidh sé go dtí tobar Baile An Ghleanna agus thug se cúpla cúairt don tobar. Chuaidh sé an tríomhadh úair ann agus bhí biseach ar a radharc. Deirtear go bhfuil leigheas i dtobar Baile An Ghleanna i gcóir radharc.
    Cuimligheann daoine íad fhéin i dtobar Baile An Ghleanna. Tugann daoine buidéil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig Ó Corcoráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Eithne, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Corcoráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    43
    Seoladh
    Cill Eithne, Co. Mhaigh Eo