Scoil: Ballycastle Boys' (uimhir rolla 14290)

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballycastle Boys'
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is Cilléar Dubh an t-ainm atá ar an mbaile i bhfuilim in mo chomhnaidhe ann, agus paróiste Dún Fhine an t-ainm atá ar an bparóiste, agus tá Dún Fhine i mbarúntacht Tír Amlaidh.
    Tá cúig tighthe déag i mbaile Cilléar dhuibh agus in aimsear an droch shaoghal bhí ós cionn céad teach ann. Ba iascairidhe uilig a bhí in a gcomhnaidhe ann. Tighthe ceann slinne atá ann anois.
    Seo é an fadh gur baisteadh an t-ainm sin, ar an áit. Is Cill an sean ainm a bhí ar an teach Phoball. Cill Árd agus dath dubh air. Cill-Árd-Dubh. (Cilléardubh) Níl aon sean duine ann ós cionn 70 blian. Tá gaedhilg ag [?] duine ann. Is féidir leo sgéalta a innsint i mbéarla agus i nGaedhilg. Tá go leór sean-fotrach tighthe san áit seo. Chuaidh go leor daoine go h-America
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Éamon Mac Giolla Mhártain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo