Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 594

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 594

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 594
  3. XML “Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an mblian 1839 bhí bean ann, agus fuair sí sgannail Ó Pháirtidhe eicint, agus ghoill sé go h-an mhór uirthí. Chuaidh sé síos ar a dá glúín, agus d'iarr sí achtnuighthe ar Dhia, agus dubhairt sí go dtrosgfadh sí naoi h-Aoine gan biadh gan deoch. Nuair a bhí an guidhe déanta aici, chuaidh sí go Cill Cuimín agus chuaidh sí ar a glúana ar uaigh Naomh Chuimín. Diompuigh sí leac Chuimín le dioghbháíl a déanamh ar an Pháirtidhe a thug sgannal dí. Oidhche Nodlag bheag a bhí ann. Dhorchuigheadh an spéar agus shéid an oidhche chomh mó sin gur leagadh na tighthe agus bhí gac duine san tír amuigh an oidhche sin ag iarraidh na tighthe a ceangalt. Acht da inneamhaint annsin. Fuadaigheadh na tighthe agus ní raibh teach ceann tighe in a sheasamh ar maidin. Bhí ár mór déanta an oidhche sin. Bhí go leor bád amuigh ag iascaireacht i gCill Cuimín agus baitheadh go leór aca, acht sabhailigheadh cuid aca.

    Éamon Mac Giolla Mhártain
    Cill Fhir Dhuibh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamon Mac Giolla Mhártain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mártan Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo