Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- i bPoll an Aifrinn fadó thiocfhadh Sagart san oidhche agus léighfheadh sé Aifreann ann. Annsin sul dtuigeadh an mhaidin théigheadh sé arais arís agus théigheadh sé go h-áit in a raibh poll mór faoi chrúach mónad "An Cathaoirín Geall" a bhí mar ainm air. An oidhche eile théigheadh sé go háit dárbh ainm "Gleann Lasara" agus léigheadh sé Aifreann le haghaidh na gCaitilicigh. Rinneadh spíodóíreacht ar agus cuireadh Seán a Sagart (Seán Ó Maoldhomhnaigh) ar an té a rinne spíodóíreacht mar leas ainm.Bhí fear in a chómnaidhe inaice an t-Sagairt agus Seán Úi Túáthbhaill a bhí mar ainm air. Ní raibh fhios ag aoinne acht an bhfear seo go raibh an Sagart annseo. Bhí Seán bocht ag tabhairt a chuid bídh don tSagart seo agus bhí sé ag tabhairt freastal dhó san Aifreann. Déirigh Seán bocht tinne agus bhí sé ag fághail bháis. Ní raibh fhios ag a mhach cén áit a bfuighfheadh sé Sagart cun an Ola Dheidheanach a cur air. Núair a bhí a mhac ag dul amach an doras dúbhairt Sean leis, "Anois a mhic innseóchadh dhuit an áit a geobhfhaidh tú Sagart. "Téirigh súas an Cathaoirín Geall agus geobhfhaidh tú Sagart i bpoll faoí crúách mhónadh agus leac ós a cionn. Abair leis gur tusa mac Seáin Uí Túathbhaill agus go bhfuil d'athair ag fághail bháis." Dfan sé annsin go bhfuair sé bás. Nuair a bhí sé curtha dúbhairt an Sagart lémac Sheáin freastal a thabhairt dhó san Aifrinn agus a chuidh bhídh a thabhairt dhó. Rinne an gasúr sin ar feadh seacht mbliana. Annsin cuireadh focal amach go raibh an Sagart ag fanacht in san gCathaoirín Gheall agus go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Praodháil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Glas, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac Cúrtán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Baile an Chnoic, Co. Mhaigh Eo