Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 514

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 514

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 514
  3. XML “Corr Liathadh (taobh theas de Chros Mhaoil Fhíonna)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (I)
    Is áluinn Corr Liathadh i dtúis an Gheimhridh
    Ní thig ann leach oidhre ná sneachta duibhe
    Is binn guth gadhair ann ná tóíruigheacht eilte
    An fiadh san am sin ag gluais ar siubhal
    Is binn guth gadhair ann, an smólach 's an lon dubh
    Ar bhárr na gcrainnte ag seinmh cheoil
    Le teas an t-Samhraidh tá sruth glan-aibhne ann
    An bradán bruinn-geal agus na brich ar lua.

    (II)
    Sé fáth mo bhuadhartha nach bhfagfainn cead/faill cuairte
    Ins an gleantáin aoibhinn in a bhfuil mo ghrádh
    Tá mil ar lúchair, im ar uachtar
    'Gus idtúis an fhuaicht bíonn an feár ag fás
    Níl dion ó n dtuaith ann; tá talamh chruaidh ann
    Tá caladh is cuan ann ag long 'gus ag bád
    Tá tuilleadh buaidh ann níl turas cruaice ann
    Cé rachadh 'um suairceis(?) le ' na mhúirnín bán.

    (III)
    Ní ar sliabh ná mion fhraoch a bhí mo ghrádh-sa
    Ach ar thalamh mhín, áít a mbíonn an feár ag fás
    Tá an chuach ag gogaile ar bhárr chraobha ann
    Tá cruithneacht mhaol agus coirce bhín
    Tá an fiadh is an laogh ann tá brich 'na sgiath ann
    An eala aoibin ar an loch agus í ag snámh.
    Tá an bheach comh chríonna is a h-árús déunta
    Agus mil dá tiomadh go moch ag mnáibh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bean an Bhúrcaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Miceál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo