Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisil B.
- XML Leathanach 499
- XML “File a Bhí i Lorg na gCon (Baile an Chaisil)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San t-sean aimsir bhí fear darb ainm Eoghan Ó Duibhín agus a dhriothár 'na gcomhnuidhe i Lorg-na-gCon. Bhí Eohgan in a chomhnuidhe i gCnoc Leaca Liagha 1859, am muintear an bhánuigheadh. Ar thaobh an chnuic bris sé suas talamh air. Bhí conácra aige i nGort an Cillín. D'fhág sé Lorg-na-gCon agus chuaidh sé go Cnoc Leacha Liagha. Rinne sé amhrán seo.
Go Cnoch Átha Liagh a thriall
mé, as Lorg na gCon Mhór.
Bhí Peadar mo dhiaidh ann.
Ní raibh caomh air tuirse na brón.
Bhí a choirce faoi ghlaodhach
A chuid aoiligh aige agus pór,
Mar bhí sé breagh críóna
Ba é a bhí i dteach Údaigh Éoghain
Tá siad a rádh gach lá,
Go bhfuil an cnoch seo ró-fhuar;
Nach n-aibidhfidh aon gráine go bráth.
Go ngorfaidh an chuach
Bréagnóchaidh sé an Cás
Béidh arán agus i dtoradha chruach
Agus fataí breagha bána ar
Ar an ardán bhogach seo thuas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo