Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 474

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 474

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 474
  3. XML “Naomh Pádraig i bhFaoi-Choill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Naomh Pádhraig i bhFaoi-coill
    Deirtear nuair a tháinig naomh Pádhraig go Fochaill go raibh sé ag siubhal ar an mbóthar lá. Chonnaic sé beirt cailín in aice tobair. Tháinig sé suas in aice leis an dtobar. Mhinigh Pádraig dóbhtha an Creidimh Chríosta.
    D'fhiafruigh sé díobhtha arbh mhaith leo a bheith baistigthe. Dubhairt siad gurbh mhaith leo. Bhaistigh sé iad le uisge as an dtobar. Bhí siad go h-an bhuidheach dho. Taréis tamaill d'éirigh siad i mbeirt aingeal suas sa spéir. Tá tobar naomhtha ann go fóill. Teigheann go leór daoine ann ar turas naomhtha.
    Deirtear nuair a tháinig Naomh Pádraig isteach i bhFhochaill gur tháinic sé suas in aice na haibhne. Chonnaich sé fear ag iascaireacht ar thóir bhradáin.
    Nuair a tháinic Pádhraig in aice leis thug an fear bradán mór isteach as an abhainn. Dubhairt Pádhraig leis an bhfear bradán a thabhairt dhó. Dubhairt an fear leis "fán go gceapfaidh mé ceann eile." D'fhán Pádraig annsin gur cheap an fear an bradán eile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo