Scoil: Béal Dearg (uimhir rolla 11582)

Suíomh:
Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Mac Conghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 241

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Dearg
  2. XML Leathanach 241
  3. XML “Scéal faoi na Siógaibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aige.
    Nuair a thug an sídheóg an t-ór don fhear dubhairt sé go ndéanfadh sé dochtuir cliste de. Bhí an fear bocht go ríméádach mar bhí a fhios aige go ndéanfadh sé go leor airgid. Dubhairt an sídheóg go mbeadh sé ar a chumas gach duine a leighisiú nuair a d'feicfeadh sé é féín ag a cosaibh acht nuair a d'feicfeadh sé é ag a ceann ní bheadh cead aige an duine sin a leighisiú. Maith go leor d'éírig cailín tínn san áit agus chuaidh an fear seo chuicí. Chonnaic sé an sidheó ag a coasibh agus thug sé deoc uisge dí a's bhí sí chomh maith a's bhí sí ariamh.
    Tamall in a dhiaidh sin d'éírig mach an ríógh tinn agus níorbh féidir le dochtuir ar bith é a leighisiú. Chuaidh an fear seo chuige agus chonnaic se an sídheóg ag a cheann. B'sin comhartha dó gan an mac a leighisiú. Bhí go leor airgid le fághail ag an nduine a leigheasóchadh an mac agus níor mhaith leis an bhfear an t-airgead a cailleadh. D'iompuigh sé mac an Ríogh san leabaidh agus annsin bhí an sídheóg ag a chosaibh. Annsin do leigheas sé an buachaill agus fuair sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádraig Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo