Scoil: Béal Dearg (uimhir rolla 11582)

Suíomh:
Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Mac Conghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 240

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Dearg
  2. XML Leathanach 240
  3. XML “Scéal faoi na Siógaibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháín bhí fear ann agus bhí sé fíor bhocht. Ní raibh aige act capaillín beag. Bhí gabhaltas beag talmhan aige agus bhí an Tighearna Talaimh ar tí é a cur amach mar ní raibh sé ábalta a chíos a íoc. Bhí an fear bocht i gcruadh-chás mar bhí a fhios aige go ngoidfeadh an tighearna an capall uaidh. Oidhche amháín chuaidh an fear go h-áit uaigneach leis an capall a cur i bfolach ann. Nuair a bhí sé ag baint an sriain de'n chapall tháinig rud taobh thiar de. D'féach sé thart agus chonnaic sé sídeóg ar a chúl. D'fiafruigh an sídheóg de'n bhfear cé'n fáth a riabh sé ag fágáil an capaill annsin. Dubhairt an fear go raibh faithcíos air go dtabharfadh an tíghearna uaidh é mar ní raibh an chíos aige dó. Ghlac an sídheóg truagh dó agus thug sé píosa mór óír dó. Chuaidh an fear go dtí an tighearna lá ar na bhárach agus thug sé an t-ór dó. Bhí sé an bhuidheach don bhfear agus dubhairt sé go mbeadh an talamh saor ó chíos go bráthach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádraig Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo