School: Béal Dearg (roll number 11582)
- Location:
- Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Pádraig Mac Conghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Dearg
- XML Page 203
- XML “Na Lochlannaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Na bróinte a bhí in úsáid ag na daoinibh le déanaighe táid ó fic(h)e órlaigh go dhá t(h)roig(h) treasna. Seo cúnntas ar Bró Loc(h)láinn a fuair mé féin ar bhruach na h-aille ag áit ar a tugtar “Carraig ar Eibrich” nó “Carraig a’ ghé (bh?)rich”. In éis tuille a fuair mé í. Sguab an tuille píosa de’n aill leis agus bhí an bhró seo imeasg clocha eile agus bruac(h)a monadh ins an díog a rinneadh. Bhí an diog os cionn cúig troighthe déag in áiteacha. I mí meadhon fhoghmhair 1934 a fuaireas í agus tá sí sa sgoil fé láthair.
Tá sí 14.7 orlaigh ag an áit is leithéide treasna. Tá sí cearcallach agus ta poll in a lár. Tá an poll seo órlach treasna ag (an) bhun agus timc(h)eall trí orlaigh ag (an) bharr.
(Pictiúr: Bró Lochlann – 14.7”; 3”)
Tá déanamh brón-uachtar(?) ar an mbróin seo acht níl áit inti don doirnín mar bhíonn ins na bróintibh uachtaracha go h-iondamhail.
(Pictiúr: Doirnín; Bró uachtar)
Tá sí sleamhain ar an dtaobh íochtar agus is dócha go raibh sí ag meilt nó ag déanamh oibre eicínt uair amháin.
Sí an bhróin uachtar is minicí a g(h)eib(h)tear ins na portac(h)aibh agus ní bhíonn an dhá c(h)eann aca le fág(h)ail le chéile ariamh.- Informant
- Michael Regan
- Other names
- Michael Regan
- Mícheál Ó Réagáin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Béal Deirg Beag, Co. Mhaigh Eo