Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Suíomh:
Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Béaloideas a Bhaineas le Tobar Beannaithe ar an Taobh Thoir Theas de Chathair na Mart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. tuairim is 3 1/2 míle ó Chathair na Mart. Tugtar "Tobar Naoimh Áine" ar an tobar. Téigheann na daoine ann ar an Luan, ar an gCéadaoin agus arís ar an Luan.
    Tá balla cruinn timcheall an tobair. Nuair a shroictear an áit gabhtar ar a nglúnaibh taobh le carraig tuairim 's trí slata óg tobar agus deirtear "ár n-athair", "'Sé do bheatha Mhuire" deich n-uaire. Téightear ar na glúnaibh annsin chomh fada leis an doras iad ag guidhe Dé. Éirightear annsin ag an doras i gabhtar go dtí an tobar agus ofráiltear an "stáisiún" cun Dé. Inadhiaidh sin gabhtar go dtí an doras agus tógtar seacht gclocha beaga agus téightear thart timcheall an tobair seacht n-uaire i gach uair a shroictear doras leagtar cloch ann. Léightear annsin go sruth beag tuairim 's sé slata ón tobar agus níghtear na cosa. Caithfidh tú teacht ag an tobar ar na trí laethe réamh ráidhte más mian leat go gcomhlíonfaí do mian, agus buidéal den uisge as an tobar do bhreith leat.
    De ghnáth fágtar rudaí mar bláianna, nó Paidríg ag an tobar ar an tríomhadh lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge