Scoil: Accony (uimhir rolla 5122)

Suíomh:
Achanna, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Accony
  2. XML Leathanach 291
  3. XML “Scéal faoi Each Uisce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó is fadó a bhí. Bhí sé ina cómhnuidhe in Smealloch. Tá Smealloch suidthe ar bruach na fairrge taob thíar de Acadanna. Ba de mhuinntir Donncadha é. Fear cródha calma a bhí ann. An t-am a bhfuil mise ag trácht air bhí uireadóireacht aige cois na fairrge. Bhí timcheall trí nó ceithre acra coirce aige ann.
    Oidhche amháin i lár an Fhóghmair chuaidh sé go dtí an áit a raibh an coirce aige. Fúair sé amach go raibh cuid de itthe. An oidhche ina dhiaidh sin chuaidh sé go dtí an coirce arís go bhfuigheadh sé amach céard a bhí ag ithe an coirce. Ní raibh sé i bfad ann go dtáinig each uisge isteach go dtí an coirce. Chuir sé é i coirnéal na páirce agus bhí srían ina lámh aige agus chuir sé é ar a cheann. Bhí áthas agus lúthgair ar an bhfear agus thug sé an teach uisge abhaile. Chuir sé isteach ins an stábla é.
    Capall mór láidir a bhí ann. Cúpla lá ina dhiaidh sin thosuig sé ag obair léithí. Bhí sé ag tarraingt féir, coirce agus gach rud mar sin léithí. Bhí alán searaigh aici agus díol sé íad agus fúair sé luac maith orra.
    Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí go dtáinig fear as Dubach Mhic Éoin agus d'iarr sé air an capall a thabhairt ar iasacht dó cun coirce a tarraingt abhaile. Thug sé an capall dó. Dubhairt tinncéar leis an bhfear Mac Donnchada gan í a thabhairt do dhuine ar bith acht rinne sé faillighe ar an gcómhairle sin a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Thomas Gibbons
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Carpenter (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Imleach, Co. Mhaigh Eo