Ar an oileán ó Thuaidh tá teach cloiche déanta in áit darb ainm an Dún agus tá sé annsin le na céádta bliadhain. Tá uaigh mhór ag béal dorais an tighe agus sé an t-ainm atá uirthi ná Uaigh an Mharbhthóir.
Ba fhear as Dún na nGall a rinne an teach dhó. Ní raibh sé indhon é ioc agus mar sin ba mhaith le fear Dún na nGall a shásamh a bheadh aige ar chaoí éicint. Dimthigh sé abhaile go Dún na nGall agus i lár na h-oidhche thainig sé féin agus a mhuinntir i ngan fhios is rinne siad dúnmharbhú ar fhear Innis Céide is tá an teach sin annsin a riamh ó shin.
Istigh san tigh tá dhá leabhaidh déanta as chloich, bord, cloiche dhá stól, cloiche cuinneóg cloiche gan aon luithne agus paol cloiche í lár an urláir. Tá siad go léir greamuighthe do'n urlár. Tá áit teineadh ann agus poll i mbárr an tighe leis an deatach a leigint amach. Tá trí cinnn de dhórsai agus dó ná trí fuinneóga air. Bhí trí cinn de sgeanna troda ann gearrtha as chloich acht nuair a bhíodh bruf mór ag dul isteach ann sguab sé leithe iad agus bhí cupáin déanta as ádhmad ann chomh mhaith
(leanann ar an chéad leathanach eile)