Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eachléim | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 91

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Rath Dé agus Mhuire agus an Athar Síorruidhe ar a bhfeicfidh mé agus ar a nglacfaidh mé mo chuid féín agus cuid chuile chréatúir
Amén.

(Máire Ní Maolfabhaill cailín scoile a fuair é seo ó n a máthair bean Phádhraic Uí Maolfabhail as Glais)

(gan teideal)

A Dhia agus a Mhaighdean Mhuire do tug slán me féin agus mo páisdín ó bhás codhalta aréir...

A Dhia agus a Mhaighdean Mhuire do tug slán me féín agus mo páisdín ó bhás codhalta aréir go lá geal indiu. Go sábháilidh in gach chuile olc go sábháilidh sibh sinn idir anam agus corp.

Triúr is sine an triúr is óige an triur is deise i bhflaitheas na glóire. An t-athair an Mac agus na spiorad naomh go mba sábháil agus go mba ghárdáíl ó nocht go dtí bliadhain ó nocht agus anocht féín.

Bailitheoir
Máire Ní Maolfhabhail
Inscne
baineann
Seoladh
Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Bean Phádhraic Mhaolfhabhail
Inscne
baineann
Aois
65
Seoladh
Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge