Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Airteagal an Chreidimh Chruaidh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 79

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Airtigéal an Chreidim Chruaidh a thigeas chugainn ar uair ár mbás, mar thainic an t-aingeal le solus i gcluais na mná. Trí ráithe a chaith sé faoi na broinn silt, silt, deór, deór níor bhlas béal gur thuirling sé i máingéar an asail mhín go dtainic an dá rí agus na trí rí as an domhan thoir, faoin a ndruim silte deó deór.
Is maith an sagart Mac Dé is maith an baisteadh a gníos sé bhaist sé Eoghan agus bhaist Eoghan é. Tóg na straointe seo as ár gcionn trath is mian le chách a bheith ann. Mac Ríogh ar Neimh dhá chuir le crann agus gach ball de i dul i gcré.

BeanÚi Seóighigh - an bean céadna

Faisnéiseoir
Bean Úi Seóighigh
Inscne
baineann
Aois
80
Seoladh
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge