Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eachléim | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 77

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

a cos agus a lamh iad? Ochón agus ochón ó!
"Bhfuil tart a leinbh uasail"? adeir a mháthair. Níl aoinne a bheith in mo riocht nach diol truaighe ochón agus ochón ó!
Thug siad domblas dragúin dó agus nimh air suaite
Thóg se faoi'n a láimh deis é agus rinne sé fíon foláin fuar de Ochón agus Ochón ó!
Gabhaidh anall a mhna nó go gcaoinimíd an t-ár seo Ochón agus ochón ó!
Céard a chaoineas muid mura gcaoinfeadh muid na cnámha - Ochón agus Ochón ó!
Annsoin thainic an trí Muire le'n a dtrí sgread cráidhte
ochón agus ochón ó!
Foighid mhaith a mháthair indiu agus amárch
ochón agus ochón ó!
Caoinfear na sagairt agus caoinfear na braithre agus caoinfear go fóil mé ar oileán Phádhraic Ochón agus Ochón Ó.
Bean Uí Seoighigh - an bhean cheadna

Faisnéiseoir
Bean Úi Seóighigh
Inscne
baineann
Aois
80
Seoladh
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge