Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfuair a h-aon mhac naomhtha an cumhacht sin go ndeachaidh sé ag siubhal ar an urlár. Molfaimíd thú a Íosa agus molfaimíd tú a coidhche agus molfaimíd bainrioghan na Glóire, an glóir siorraidhe go bfághaidh an sean agus an t-óg dá dtainic nó go dtiocfaidh fa aghaidh na maidhgine. Nach muid atá go h-aoibhinn sólásach agus beannuigheadh Dé in ar dtimceall ach míle beannacht Dé go bhfaghaidh aoinneach beó ar an t-saoghal seó a deireas na seacht sabháilte seo timcheall.An ceathramhadh sabháilte a fuair an mhaidhgean go bfuair a h-aon mhac naomhtha an cumhacht sin go ndeachaidh sé ag leigheadh an Bhíobla. Molfaimíd thú a Íosa agus molfaimíd thú choidhche agus molfaimíd bainrioghan na Glóire an ghlóir siorradihe go bfághaidh an sean agus an t-óg dá dtainic nó dtiocfaidh faoi aghaidh na Maidhgine. Nach muid atá go h-aoibhinn sólásach agus beannuigheadh Dé in ár dtimceall ach míle beannacht Dé go bhfághaidh aoinneach beó ar an t-saoghal seo a deireas na seacht sabháilte seo timceall.An cuigeadh sabháilte a fuair an mhaighdean go bhfuair a h-aon mhac naomtha an cumhacht sin go ndearna sé fíon de'n uisce.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Úi Seóighigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo