Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 52
- XML “Dán an Bháis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach gach geall do thugais ní dhearna mé a choimhlíon
Nó gur loisg mé an coinneall agus níor cnap mé an fóghmhar.
Sainnt agus peacarus an t-saoghail bréagtha,
A dalladh mé idtréis. a Rí gheal na ríogtha
Agus chaith mé mo laetheannta le mar a ciodh sibh.
Cuirfear deireadh leis an t-saoghal bhréagach so
Ach ní cuirfear go deó, deó le duaithe an Dé-mhic
Ach nach cruaidh a chaoinfimíd lá an t-sleibhe,
Má bhíthear in ár ndealladh ar taobh na láimhe cléithe
Tiocfaidh Mícheál le congnamh Dé mhic,
Síonfaidh sé an geal-trumpa le sinne a n-éirighe
Níl clúid ná céard an domhain bhréagaigh.
Nach mbéidh gach colann in a seasamh in a aonraic ann
An dara buille de'n trumpa géar-ghlan
Le'n ár gcruinniú in gleann an t-sléibhe
Lé gach anam teacht in a dtréabaí
Agus ag dul ins gach colann ariamh ar fhág siad.
An triomhadh buille de'n trumpa géar-ghlan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ráth Muireagáin, Co. Mhaigh Eo