Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 39
- XML “Scéal faoi na Fianna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbloc. 'Anois', ars an Dearg agus an buille tarraingte aige ar Chonán 'is truag liom do chloigeann a Chonáin". "Béidir sin' ars an Conán, ach beag an lámh charadach a bheith ós mo cionn".
Níor bhain sé an chloigeann de an uair sin ach leig sé saor é. Maith go leór , chuaidh siad ag imirt arís ach chaill an Dearg an uair seo agus béigin dó a chloigeann a leagann ar an mbloc. "Anois" ars an Conán leis an Dearg, "Nuair a árduigheas mise mo lámh go h-árd ar ar do bhás na leig aon bhéic". "Ní leigfead" ars an Dearg. Tharraing sé an buille air agus bhain sé an cloigeann de. Bhain sé an culaith de'n Dearg annsoin agus chuir sé ar féin é agus chuaidh sé go dtí an áit in a raibh máthair an Deirg in a chómhnuidhe. Nuair a thainic sé isteach in a teach bhí sise ins an leabaidh. "Sí culaith an Dheirg atá ort," ar sise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolfhabhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo