Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 36
- XML “An Gabhar nach Raibh Ceart”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an triúr eile roimhe. Má ghlaoidh fhéin níor cuireadh an dalladh mullóg ar seo. Ins an oidhche nuair a chuaidh sé in a chodladh chuir sé an buailteán faoin a chloigeann agus ins an meadhon oidhche chuaidh an fear a' tighe go dtí a leabaidh agus rug sé go h-aireachd ar an mbuailteán go ngoidfeadh sé é ach tosnuigh an buailteán dhá bhualadh agus ní stopfadh sé dhó mara stopfadh bhí an bualadh sin tuillte go maith aige. Dhúisigh an fear as a chodladh annsoin agus d'fiafruigh sé dhó céard a thárla air agus dinnis sé dó. Thug sé dó an mála, an bord, agus an t-asal a ghoid sé ón a dhearbráithreacha. Chuaidh seisean abhaile annsoin agus bhí neart aige fhéin agus ag a dhearbráithreacha ón lá sin amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Antoine Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochar, Co. Mhaigh Eo