Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)piginn agus an coileach, ach racaimíd isteach sa teach eile seo is goire dúinn." "Tá go maith," ars an sagart. Chuaidh siad isteach ann agus chaith siad an oidhche ann. B'fíor an sgéal. Maidin lá ar na mhárach nuair a d'éirigh siad ní raibh le fághail ach an piginn agus an coileach. D'imthigh cun bealaigh leis an ngasúr agus an sagart nuair a bhíodar réidh bhí píosa maith den bhóthar curtha díobh annsoin agus thosnuigh siad ag cómhrádh le n a chéile annsoin, agus dubhairt an gasúr leis an t-sagart muna mbeadh sé ag faire ar a deirbsiúr go mbeadh sé tugtha le buachaill na muc. Bhí siad ag imtheacht annsoin nó go dtainic siad go dtí tom aitinn a bhí ag fás ar thaobh an bhóthair. Bhí cuid den aitinn sgartha agus caitte agus an cuid eile glas. "Tuige", ars an sagart, "bhfuil an aitinn mar sin?" "Tá sé caitte in a luighe mar sin," dubhairt an buachaill, "Mar gheall ar go raibh inghean duine uasail ag teacht abhaile lá in éis coimineach a glacadh agus sin é an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo