Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eachléim | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 22

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

chur arais faoin éan arís mar a bhíodar cheana ingan fhios di. Thainic na cinn óga amach asta nuair a thainic an t-am agus ní raibh aon difríocht ionnta agus eanlaith eile ach amháin go raibh líne bán thart ortha in áit a ghreamuigh an tailliúr le chéile iad.

Bhí go maith. Suim ama in a dhiaidh sin bhí rí na h-áite sin i gcruaidh cás faoi a inghin a bhí goidthe uaidh ag dragúnach agus níorbh fhéidir leis í a fhághail arais. Chuaidh an sgéal amach nó gur chuala na buachaillí seo é agus dubhairt siad go bhfeicidh siad an mbeadh siad féin indon í a fhághail ar ais.
D'imthigh leo go dtainic siad go dtí teach an ríogh agus gheall an rí í don chéad fhear a thiubhradh ar ais aige í. D'imthigh siadsan ar a n-aghaidh annsoin gan a thuilleadh a rádh. Chuaidh siad thar saile ag cuartú a inghine, agus faoi deire thiar thall fuair siad í agus í ar a ghlúin ag an dragúnach.

Faisnéiseoir
Peadar Ó Maolfhabhaill
Inscne
fireann
Aois
56
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge