Bhí fear ann fadó agus ceathrar mac aige, ach bhí siad an-bhocht agus thosnuigh an saoghal ag dul in a n-aghaidh. Aon lá amháin dubhairt an clann mhac leis an athair go n-imtheóchadh siad ar aimsir mar gur dona an chearc nach saothróchaidh di fhéin. "Maith go leor," ars an t-athair, "ach fanfaidh mise sa teach agus saothróchaidh mé greim dom féin," agus d'imthigh siadsan.
D'imthigh siadsan nó go dtainic said go dtí bóthar na gceithre ród agus d'fhág siad slán ag a chéile annsin agus dubhairt siad go gcasadh siad ar a chéile arís taréis ceithre mbliadhain.
Thóg an chéad fhear bóthar dó féin agus casadh éanadóir air, agus d'iarr an t-éanadóir air dul leis ar aimsir, "agus nuair a bhéas ceithre bliadna caite agat agamsa béidh tú indon rud ar bith a [?]. Gan a thuilleadh a rádh chuaidh sé leis.
(leanann ar an chéad leathanach eile)