Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eachléim | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Rinneadh mar seo é - Chuir fear trí fóid móna in a seasamh agus na trí báirr ag teacht le chéíle. Annsoin chuir sé thart ar sin dhá cheann déág de clocha geala in ainm an dá aspal déag. Annsoin d'fág sé oscailt ar thaobh amháín. B'shin é doras an chaisleáin, agus chaithfeadh a aghaidh a bheith i gcómhnaidhe ar an taobh as a raibh an ghaoth ag teastáil. Bhí an caisléan réidh annsoin. Fhad is a bhíodh an fear ag déanamh an chaisleáin bhíodh sé ag rádh na bpaidreacha agus an t-am ceadna chaithfeadh a rún - b'shin é an fáth do bhí aige chun an chaisleáin a dhéanú - a bheith os cómhair a inntinne. Cuir i gcás gur thárla nach raibh ach cuid den a rún in a intinn ní bhfuigheadh sé ach an cuid sin. Tharla sin uair amháin nuair a bhí cuid de na h-oileánaigh amuich ar an móir-thír le sé seachtmainní ag fanacht le lá breagh le dul isteach. Bhí a fhios acu go raibh ganntanas bídh ar an oileán mar gheall ar chomh fada is a bhí siadsan fá'n a dhéin. Nuair nach raibh aon bhealach eile acu as rinne siad an caisleaán pléime. Nuair a bhí an fear ghá déanú ní raibh in a intinn ach laghdú na gaoithe. Ní raibh sé ach déanta aige nuair a d'éirigh sé chomh ciuin is nach raibh smeathamh(?)

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Bríghid Breathnach
Inscne
baineann
Seoladh
Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge