Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 154
- XML “An Caisleán Pléama”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh siad ag deanamh an chaisleáin pléama i n-Innis Céidhe fadó. Nuair a bhíodh siad folamh as bhiadh dhéanadh siad caisleán agus chuirfeadh siad go leor cloch geal agus trí fóíd móna ann. Chuireadh siad an doras ar an taobh ó thuaidh de agus dimthigheadh an stoirm. Siad na paidreacha a deireadh siad seacht "sé do bheatha Mhuire" seacht "ár n-athair" agus "glór don athair."Nuair a bhíodh siad ag dul amach don tír mhóir fá dhéin bídh agus nuair a thagadh stoirm ortha dheanaidh siad an chaisleán pléama agus bhíodh sé lag lár na bhárach. Nuair a theigheadh siad amach ag iasgaireacht déanfadh siad an caisleán pléama agus siad na paidreacha a bhíodh achu ná an t-Ave Maria.Tá go leor daoine de muinntir Innis Céidhe in dhon é a dheanamh go fóill acht deirtear nach bhfuil sé ceart é a dheanamh acht nuair a bhíodh cruadhóg leis. Tá sé suas le dhá chéad bliadhain ó bhí sé ar siubhal ag muinntir Innis Céidhe.(Fuair sí an méid seo ó 'n a h-athair Antaoine ó Maoineachán)
- Bailitheoir
- Síle Ní Mhaoineacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Antaoine Ó Maoineacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann