Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “An Niamhóg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Niamhóg

    Tháinic an Niamhóg go h-Innis Céidhe i bhfad ó shoin. Naomh as Éirinn a bhí sgathamh ar Mhóir Thír na h-Eorpa a thug ann í.
    Nuair a thainic sí isteach cuireadh isteach sa teach a bhfearr a bhí ar an oileán í. "An bambínó" a bhí uirthi nuair a thainic sí idtosach agus de bhárr sin ceaptar gur as Iodáil a thainic an leacht agus gurabh dealbh de Leanbh Íosa críosta a bhí ann.
    Nuair a bhíodh stoirm mhór ann chruinnighidís thart ar an leacht. Dá mbeadh call acu dul ar an bhfairrge deireadh siad paidreacha áirighthe. Ní bhíodh siad ach ráidhte acu nuair a bhíodh an fhairrge chomh ciúin le locán. Sa caoi cheadna dá bhfeicfidí na Lochlannaigh nó píoráidí na fairrge ag teacht deireadh siad paidreacha ós cómhair na niamhóige ag iarraidh cabhair uirrí, agus d'éirigheadh gaoth fairrge chomh h-árd is nach mbeadh na creachadóirí indon teacht idtír. Nuair a bhíodh an contabhairt thart d'isligheadh an ghaoth an fhairrge arís. D'imthigh na blianta thart agus aon oidhche amháin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Éamonn Mac Taidg
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    Talach, Co. Mhaigh Eo