Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 137
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deirtear nuair a bhíonns duine nó beitheadhach tinn san teach nach ceart sméaróíd a tabhairt amach san oidhche.
Deirtear nuair a gcuirfeaá bainne amach as an teach gur ceart braon beag uisge a chaitheamh air, mar deirtear nach mbíónn aon mhaitheas ins an mbainne nuair a théigheann sé amach as an teach. Tugann na Daoine maithe leóbh an bainne nuair nach mbeadh ao uisce ann.
Nuair a bhíónns duine marbh i dteach deirtear nach ceart bainne fháail istig, mar go dtagann mí-ádh ar an méid bainne a thagann isteach san teach go ceann bliadhna.
Nuair a bhíonns bó nó gamhain tinn. Déantar leigheas de. Téigheann duine go dtí duine éicint i gcoir trí leith-phighneacha agus cuirtear ar thóín channa é agus cuirtear uisce fuar air agus tugtar do'n bhó le n-ól é trí h-uaire tar-éis a chéíle agus tugtar fá deara biseach agus teacht ar an mbó.
Deirtear dá mbeadh fear ag dul ag iasgaireacht agus bean-ruadh, girrfiadh, nó préachán a chasadh air nach mbeadh an t-ádh air. Dá mbeadh fear ag feadghail san gcurrach ní bhfuigheadh siad aon iasc an oidhche sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Mhaoineachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antaoine Ó Maoineacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo