Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Riocard Bairéad an File

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Rugadh Riocard Baireadh, an file, san mbliadhain seacht gcéad déag naoí mbliadhna fichead, ins an mBaile a nglaoidhtear Bearaic air sé mhíle ó Bhéal-an-Mhuircid. Togha sgolaire bhí ann. Thiocfadh leis ceithre nó cuig cinn de theangchacha a labhairt agus a mhúineadh. Ar an adhbhar sin bhí sé in a mháighistir sgoile ag tabhairt oidis do chlann mór-uaisle na tíre a thiocfadh chuige. Phós sé bean a dtugtaoí Nancy Tallot uirthi. Inghean duine uasail b'eadh í. Badh é an chaoí ar imthigheadar le chéile na as teach damhsa, agus bhí a h-athair Seaghán Tallot ar an talach le báinidhe faoí'n inghin imteacht leis. Rugadh beirt ingean dóibh, agus phós bean aca cosantóir cuan agus caladh agus bhíodar ina gcómhnaidhe ar an gClochán Liath i nDun-na-nGall tamall gearr ó shoin, bhí sé timceall cuig troighe agus ocht n-orlaigh ar aoirde, teann, agus gruag fhionn air. D'athruigh sé a áit cómhnaidhthe ó Bearaic go Carn agus cómhnaigh sé annsin nó go bhfuair sé bás ar an ochtmadh lá de Mi na Nodhlag 1819. Adhlacadh é i Mainistir na Croise agus suim blianta ó shoin thóig an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
An Canónach Ó Riallaigh
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge