Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Riocard Bairéad an File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rugadh Riocard Baireadh, an file, san mbliadhain seacht gcéad déag naoí mbliadhna fichead, ins an mBaile a nglaoidhtear Bearaic air sé mhíle ó Bhéal-an-Mhuircid. Togha sgolaire bhí ann. Thiocfadh leis ceithre nó cuig cinn de theangchacha a labhairt agus a mhúineadh. Ar an adhbhar sin bhí sé in a mháighistir sgoile ag tabhairt oidis do chlann mór-uaisle na tíre a thiocfadh chuige. Phós sé bean a dtugtaoí Nancy Tallot uirthi. Inghean duine uasail b'eadh í. Badh é an chaoí ar imthigheadar le chéile na as teach damhsa, agus bhí a h-athair Seaghán Tallot ar an talach le báinidhe faoí'n inghin imteacht leis. Rugadh beirt ingean dóibh, agus phós bean aca cosantóir cuan agus caladh agus bhíodar ina gcómhnaidhe ar an gClochán Liath i nDun-na-nGall tamall gearr ó shoin, bhí sé timceall cuig troighe agus ocht n-orlaigh ar aoirde, teann, agus gruag fhionn air. D'athruigh sé a áit cómhnaidhthe ó Bearaic go Carn agus cómhnaigh sé annsin nó go bhfuair sé bás ar an ochtmadh lá de Mi na Nodhlag 1819. Adhlacadh é i Mainistir na Croise agus suim blianta ó shoin thóig an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    An Canónach Ó Riallaigh
    Inscne
    Fireann