Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Scéimh Rinn na Feirsde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá an t-óg is an críón saor o pheacadh
    Is ní liathadh cailleach le h-aois (?) ann
    Tá guidhe na Naomh go siorruidhe ann
    Is saoghal breágh fada ag na daoine.
    Tá macras san oidhche ar chaomhtacht leabtha
    Bean an tíghe ag claonadh ina croidhe le cartanas
    Ar deireadh an t-siams bíonn dí le baisteadh ann,
    Is fuigleach bainne ag na naoidheacháín.

    (IV)
    Tá na traghna sa móínfhéar trathnóna is ar maidin
    Go mór-mhor i dtosach na h-oidhche
    Go mbad aoibhneas tri Fodhla ceol na mbeacha
    Ag tógbháil meala de craoibh ann
    Ta sluaigte de na cuachaibh ag ceól na maidne ann
    Ag síor seinm nótai ceóil is carthanas
    Tá an lon-dubh is an smóílín le coras ag freagairt
    Ar bhruach na Feirisde le pleisiur

    (V)
    Tá an coraidhe ó'n díh ann faoí na chuid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Oireachtaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo