Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Rudaí a Fuarthas ar an Oileán

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Fuairthas trí bioráin uilig sa mbiolla gainimhe. Díoladh dhá ceann aca. Dath buidhe a bhí ortha.

(Sceitse)
Sin pictiúir de cheann díobh, acht gur briseadh an cloigeann mór a bhí air. Ní fhacas na bioráin eile.

Fuarthas Tromán túirne ann chomh maith déanta as chloich. Bhí sé déanta thart cruinn agus bhí áit ann in a mbiodh siad ag cur thart an t-snáithe. Fuarthas ghléas meadhchain cloch a mbiodh na daoine ag meadhchaoin olann léithe agus rud eile cosamhal le bonn. Fuarthas an clog a bhí i dteampall Chuilm Cille acht bhris duine éicint aríst é mar shíl sé nach raibh aon mhaith ann. Fuair fear eile báisín beag lá is é ag cartú cloch is tá sé ar an oileán ó Dheas go fóill. Tá gléas eile le bheadh ag déanú snúdaí. Ceannuigheann siad snáth cnáibe is déanann siad féín na snúdai. Sé an t-aon cheann amháin a bhí ar an oileán ariammh é. Budh ag fear muinntearach de

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Pádhraic Breathnach
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Antaoine Ó Maoineatháin
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge