Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí beirt dhaoine uasal ann uair amháin - fear agus bean, agus bhí mac amháin acu. Bhí buachaillí oibre acu ag obair ar an bhfeilm. Aon lá amháin chuaidh an lánamhain amach ag siubhalóid, agus bhí go maith agus ní raibh tada go dona. Bhí siad ag imtheacht agus ag síor imtheacht, agus faoi deireadh thiar thall casadh sean-bhean dóibh, agus nuair a bhí sí in aice leo cuireadh iadsan in a seasamh ar an mbóthar gan corruigheadh. Nuair a thainic sise chomh fada leis an áit in a raibh siadsan in a seasamh d'fiafruigh siadsan di arbh í a bhí cionntach len a gcongbháil ar an mbóthar. Dubhairt sise gurab í agus go gcoinneóchadh sí an fhad eile ann iad mara dtiubhradh siad an mac di.
Bhí an sean-bhean cnopta, cnapta agus cheap siad nach mbeadh sí indon chongbháil siubhal leo ag dul abhaile dóibh agus mar gheall ar sin gheall siad di go dtiubhradh siad di é agus leig sí saor iad agus dimthigh siad abhaile. Ach chomh luath is a bhí siadsan abhaile bhí sise chomh luath leo. Sheas sí ag an doras taobh amuich agus dubhairt sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo