Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 514
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé in mo chómhnuidhe ar an Mullach Ruadh. Tá dá bhaile ann, an baile ó deas agus an baile ó thuaidh. Tá uaigh thalmhan suidhte ar an baile ó thuaidh is tá sé ann ó réim na Loclánnach agus tá línte de clocha mhóra thart ar an áit in a mbíodh na daoine ag dul síos ann. Sé an fáth a rinne na Lochlánnaigh na uaigheanna thalmana seo, ionnas go mbeidh siad indán dul síos ionnta nuair a bhíodh muinntir na tíre ag rith in a ndiaidh nuair a bhíodh siad ag creachadh na tíre. Níl ac aon teach déag ar an mbaile ó thuaidh agus an oiread céadhna ar an mbaile ó dheas cé go raibh suas le dhá scór go leith de tighthe ar an dá bhaile le chéile fadó. Níl mórán sean-daoine ann ós cionn 70 bliadhna d'aois ach an méid atá ann díobh tá neart gaedhilge acu agus sgéalta gaedilge acu comh maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Floinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo