Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0135, Leathanach 514

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0135, Leathanach 514

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 514
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá mé in mo chómhnuidhe ar an Mullach Ruadh. Tá dá bhaile ann, an baile ó deas agus an baile ó thuaidh. Tá uaigh thalmhan suidhte ar an baile ó thuaidh is tá sé ann ó réim na Loclánnach agus tá línte de clocha mhóra thart ar an áit in a mbíodh na daoine ag dul síos ann. Sé an fáth a rinne na Lochlánnaigh na uaigheanna thalmana seo, ionnas go mbeidh siad indán dul síos ionnta nuair a bhíodh muinntir na tíre ag rith in a ndiaidh nuair a bhíodh siad ag creachadh na tíre. Níl ac aon teach déag ar an mbaile ó thuaidh agus an oiread céadhna ar an mbaile ó dheas cé go raibh suas le dhá scór go leith de tighthe ar an dá bhaile le chéile fadó. Níl mórán sean-daoine ann ós cionn 70 bliadhna d'aois ach an méid atá ann díobh tá neart gaedhilge acu agus sgéalta gaedilge acu comh maith.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Seán Ó Floinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo