Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0135, Leathanach 388

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0135, Leathanach 388

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 388
  3. XML “Seanscéal - Tobar Dheireadh an Domhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le búistear a bhí ar an mbhaile agus chuaidh sé thar aithne ar an [?] mar leig sé cab a fás ar fhéin.
    Nuair a bhí an bhlian shuas. Tháinig an bean óg isteach ar an gcuan agus long áluinn leithe. Chuir sí sgéal chuig teach an ríogh ag iarraid an mhic a fuair an t-uisge as tobar dheire an domhain a dhul ann chuice, nó chuirfeadh sí an teach sa ér [?]. Chuir sí amach bóthar airgid fé na dhein. Chuir an rí amach cean [?] acu, ach chomh luath agus a chuaidh sé go dtí an cuan dimthigh an bóthar ó a chosaí. Chuaidh an fear eile amach agus thárla an rud ceadhna dhó. Dairigh an fear ceart é ar deir agus nigh sé é fhein, agus ghléas sé é fhéin suas, agus chuaidh sé go dtí ar cuan. Dfhan an bóthar airgid faoi na chosaí go ndeachaidh se isteach sa mbád ag dimthigh sé annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge