Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)

Suíomh:
Baingear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Énrí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Beannchor Iorrais
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Brían Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Brían Rúadh Ó Cearabain in Iorrais agus níl sé an-fhada. Bhí sé in-a fhear mheasamhail dóigheamhail agus í ngrádh a cuid chómharsana agus é go dóigheamhail in-a measg. Mheul' bhí bó mháith aige agus dúbhairt sé leis fhéin go gcháithfead sé í a dhíol le h-agháidh airgead a bheith aige le h-aghaidh an Gheimhridh dó fhéin agus da mhuírín. Thíomáin sé an bhó go Criosmhílíona. Ní raibh aon aonach í mBheannchor agus ní raibh aon aonach í mBéal Mhuírthidh agus b'in é an t-aonach ba goire dhó. Thiomáin sé an bhó go Criosmhílíona agus díol sé an bhó ann ar naoí bpunta, trí sgilleacha agus naoí bpinghe. Annsin fúair íochaí ar an bhó agus fuaidh sé isteach í dteach ósta agus bhí sé go moch ar maidín. Fúair sé gloine uisge-beatha ní nach íongad agus dubhairt sé go bhfilleat sé abhaile go h-Iorras arís. Bhí sé ag teacht abhaile go sastaí dhó fein ó Croismhílíona in áit éicint idir Beannchor agus Eistreach in-áit eicínt chonnaíc sé campa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Gallachobhaír
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dararach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Brían Ó Corragán
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. Mhaigh Eo