Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc a Logha
- XML Leathanach 091
- XML “Pósanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)hatai cochain ortha. Bíonn fear amháin in a chaptain agus caitfidh na fir eile rud ar bith a orduigheann sé a dhéanamh. Bíonn bata i lámh gach duine aca. Deanann siad damhsa agus amhrán agus olann siad gach a bhfhághann siad. Bíonn fáilte an domhain rompa nuair a tagann siad isteach. Tig leobhta rud ar bith a dhéanamh. Ní itheann siad tada ar eagla go n-aitneochadh muinntir an tíghe iad.
Caiteann an cailin atá fágtha sa dtígh an tlu in dhiaidh luct an posuidhthe nuair a théigeann siad go dtí an seipéal. Ceanghuiltear sean bhróg den cárr sul a teigeann an beirt to dtí an seipéal. Má théigeann an bhean nuadh posta isteach i dteach a athair roimh a fear béidh lámh an uachtar acu air.
Ní thig leis an mhnaoi dul go teach a athair go ceann míosa. An cuairt sin, sin cuairt míosa(leanann ar an chéad leathanach eile)